Wednesday 29 February 2012
Gael-Fachtóir 2012
Beidh Feachtas ag reachtáil an Gael-Fachtóir le linn Sheachtain na Gaeilge ar an 8ú Márta 2012 i halla Fhoras na Gaeilge ag a 6.00i.n. Cuirfear fáilte roimh aon scil ar leith: amhránaíocht, drámaíocht, rince, ceol - nó rud ar bith atá oiriúnach don árdán! Má tá idir 12-18 bliana d'aois déan teagmháil linn chun clárú don Ghael-Fachtóir. Costas: €5 an duine.
An Chéad Duais: €300
An Dara Duais: €200
An Tríú Duais: €100
Glac páirt sa seó talainne is mó a bheidh ar siúl i rith Sheachtain na Gaeilge!
Subscribe to:
Posts (Atom)