Tuesday 20 March 2012

Cúrsa Eachtraíochta 2012


Beidh Feachtas Óg-ghluaiseacht na Gaeilge ag eagrú an Chúrsa Eachtraíochta i gCo. Mhaigh Eo ón 12ú – 15ú Aibreán le linn laethanta saoire na Cásca. Reachtáilfear an cúrsa i gColáiste Uisce san Eachléim.

Is cúrsa é seo do Ghaeilgeoirí óga idir 15 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois.

Eagrófar imeachtaí ar uisce chomh maith le himeachtaí ar thalamh le linn na deireadh seachtaine agus clúdófar béilí ag an deireadh seachtaine seo chomh maith. Tá deireadh seachtaine den scoth eagraithe ag foireann Choláiste Uisce a bheidh ina fíor-chraic dóibh siúd a ghlacann páirt!

Níl ach costas €100 ar an gcúrsa eachtraíochta agus beidh Feachtas ag tacú leis an deireadh seachtaine trí pháirt-mhaoiniú a chur ar fáil. Clúdaíonn an táille seo imeachtaí, lóistín, bia agus taisteal.



Tá áiteanna don chúrsa eachtraíochta teoranta do 12 duine mar sin mholfainn daoibh foirmeacha a sheoladh ar ais chugainn chomh luath agus is féidir chun áiteanna a chinntiú ar an gcúrsa seo!

Chun foirm iarratais a fháil seo ríomhphost chuig ursula.feachtas@gmail.com nó cuir scairt ar 01 6725940. Is féidir leat téacs a sheoladh chuig 087 9046136 freisin!



*Ní mór do rannpháirtithe an chúrsa ardchaighdeán i labhairt na Gaeilge a bheith acu.

Tuesday 13 March 2012

Turas Teanga Choláiste de hÍde i mBaile Átha Cliath

D'eagraigh Feachtas an  Turas Teanga i mBaile Átha Cliath Dé Máirt an 6ú Márta do dhaltaí Gaelscoile Choláiste dehÍde. Thug na daltaí cuairt ar ionaid agus ar institiúidí lán-Ghaeilge atá ar fáil sa phríomhchathair chun blaiseadh a thabhairt dóibh ar an méad Gaeilge atá le cloisint i lár na cathrach agus chun an deis a thabhairt dóibh bualadh leo siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge.
I dtús báire, thug na daltaí cuairt ar Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath, áit a rinneadh turas trí Ghaeilge ar stair agus ar úsáid reatha an fhoirgnimh. Tar éis an turais sin, chuaigh na daltaí chuig Coláiste na Tríonóide chun labhairt le gníomhairí ó Chumann Gaelach an choláiste. Phléigh na gníomhairí saol an mhicléinn leo chomh maith leis na féidearthachtaí agus na himeachtaí atá ann do Ghaeilgeoirí an choláiste. Thaispeán lucht an Chumainn an scéim chónaithe dóibh chomh maith, áit ina bhfuil árasáin na nGaeilgeoirí ar phríomhchampas Choláiste na Tríonóide.
I ndiaidh cuairt ar an gcoláiste, chuaigh na daltaí chuig Teach Laighean chun turas trí Ghaeilge a dhéanamh. Chonaic na daltaí tithe an oireachtais agus bhí deis acu stair an fhoirgnimh a chloisint ó threoraí an turais.


                Turas Gaeilge ar Theach Laighean, Baile Átha Cliath


               Turas Gaeilge leis an gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide

                                    
                Turas Gaeilge ar Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath

Má tá suim ag do scoil an Turas Teanga a dhéanamh, déan teagmháil le Ursula ag ursula.feachtas@gmail.com chun dáta a chur in áirithe.

Monday 12 March 2012

Gael-Fachtóir 2012 - Oíche rathúil do lucht óg na Gaeilge

Ba mhaith le Foireann Feachtas buíochas a ghabháil leis na daoine óga go léir a ghlac páirt i nGael-Fachtóir 2012 agus comhghairdeas a dhéanamh le Ciarán Mac Uidhir a tháinig sa chéad áit, an grúpa ceoil 'Builliliú' a tháinig sa dara áit agus le daltaí Ghaelcholáiste Reachrann a tháinig sa tríú áit.







Bhí talainn den scoth le féiceáil oíche Dhéardaoin, an 8ú Márta, i halla Fhoras na Gaeilge le 20 léiriú ó dhaoine óga ó fud fad na tíre agus éagsúlacht léirithe á gcur i láthair ar an stáitse. Idir amhránaithe, ceoltóirí, drámaíocht seó grinn ar do bhoinn, rap agus damhsa, oíche thaitneamhach a bhí ann do chách a d'fhreastal ar an imeacht. Comhghairdeas leis na Gaeil óga go léir a chur an-chuid oibre isteach ina léiriú féin. Beidh Feachtas ag reáchtáil Gael-Fachtóir na Nollag agus tús Mhí na Nollag mar sin coinnígí súil ar ár mblag chun tuilleadh eolais a fháil. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na moltóirí, Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life agus le Tara Uí Adhmaill, Coiste Bainistíochta Feachtas, as a bheith linn ar an oíche!

Wednesday 7 March 2012

Comórtas 'Gael-Fachtóir' lán

Ba mhaith foireann Feachtas buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuir isteach ar an nGael-Fachtóir i mbliana. Ar an drochuair bhí orainn diúltiú do roinnt mhaith iarratais mar gheall ar an méad suime a léiríodh sa chomórtas ach ná bígí buartha, beidh Gael-Fachtóir na Nollag ar siúl le linn Mhí na Nollag! Coinnigí súil ar ár mblag agus ar an leathanach Facebook chun tuilleadh eolais a fháil.
Reáchtáilfear an Gaeil-Fachtóir oíche amárach i halla Fhoras na Gaeilge óna 6i.n. - 9.30i.n. agus beidh 17 léiriú san iomlán ag glacadh páirt. Tá muid ag tnúth go mór leis!