Thuas: Éamon Ó Cuív TD, An tAthair Micheál Mac Gréil, Cathaoirleach Feachtas Seán Ó hAdhmaill agus Comhairleoir Cathrach BÁC Críona Ní Dhálaigh ag óráid an Athar Mícheál Mac Gréil an tseachtain seo caite ar "Tábhacht na hOibre Óige i Saol na Gaeilge".
Is leis na Bráithre Críostaí i gCathair
na Mart a shaothraigh Mac Gréil a mheánoideachas. Chaith sé na caogaidí ar
seirbhís mar dhalta agus mar oifigeach leis na fórsaí cosanta.
Rinne sé staidéar ar an bhfealsúnacht,
ar an socheolaíocht agus ar an Diagacht i Louvain, Ollscoil Stáit Kent, i
bPáirc an Mhuilinn agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé
PhD i Socheolaíocht amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i 1976
agus bhí sé ag feidhmiú i measc na gcaipíní eile a chaith sé, mar léachtóir i
Socheolaíocht i Maigh Nuad idir 1971 go dtí 1996.
Thar na blianta tá an tAthair Mac Gréil
tar éis saothair shuntasacha oibre a fhoilsiú ar leas fhorbairt na tuisceana sa
tsochaí, ina measc, a gcuid taighde ar dhearcaí i leith an iolrachas agus an
éagsúlacht, i leith an Lucht Siúil agus i leith na Gaeilge.
Ach is i réimse an obair óige agus a
thábhacht a bheidh aitheasc an oíche anocht (an 17ú Deireadh Fómhair) ón Athair Mícheál Mac Gréil
dírithe. Cuimsítear san óráid seo dearcadh Mhic Gréil féin tar éis dó an 30 bliain deireanach a chaitheamh ag obair go deonach sa earnáil óige agus i mí Márta na bliana seo bhronn Feachtas dealbh comórtha air mar cheiliúradh ar an obair luachmhar seo.