Faoi Feachtas



  

Bunaíodh Feachtas sa bhliain 1980 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus chun cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig. Déanann muid freastal ar dhaoine óga san aoisghrúpa 8-18 mbliana d’aois.              
Is eagraíocht neamhspleách í Feachtas atá faoi stiúir Chathaoirligh agus Choiste Ceannais. Tá Feachtas mar bhall eagras de Chomhairle Náisiúnta na nÓg (National Youth Council of Ireland) agus de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúrsaí Gaeilge. Táimid gníomhach i ngach páirt den tír le beirt fhostaithe lánaimseartha lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Eagraíonn muid imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge chun gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil a chur chun cinn. Creideann Feachtas gurb í úsáid shóisialta na Gaeilge sa phobal i measc lucht óg na Gaeilge an rud is tábhachtaí do thodhchaí na teanga. Tá sé mar aidhm againn úsáid shóisialta na Gaeilge a éascú trí ghréasáin a fhorbairt do lucht óg na Gaeilge.  


 
 
Creideann Feachtas go bhfuil cur chuige ón mbun aníos riachtanach chun tuiscint chruinn a fháil ar mhianta dhaoine óga. Is mar gheall ar an gcur chuige seo go reachtáileann Feachtas próiseas comhairliúcháin le Gaeilgeoirí óga chun fáil amach cad iad na himeachtaí sóisialta atá taitneamhach dóibh siúd, cad iad na sainscileanna atá de dhíth orthu chun a bheith ina gceannairí ina bpobail féin agus cad iad na bealaí éagsúla atá ann chun comhluadar Gaelach a thógaint i measc lucht óg na Gaeilge. Oibríonn Feachtas le daltaí Gaelscoile agus le daltaí ó scoileanna    Gaeltachta chun na haidhmeanna seo a bhaint amach.
Tá beirt fhostaithe ag obair le Feachtas: an bainisteoir Liam Ó Maolchluiche agus oifigeach forbartha Ursula Ní Shionnain. Oibríonn foireann Feachtas le daoine óga a bhfuil suim acu sa Ghaeilge chun cuidiú leo Comhluadar Gaelach na nua-aoise a fhorbairt.









 


No comments:

Post a Comment