Tuesday 23 October 2012

Léacht Mhic Ghréil ar "Tábhacht na hOibre Óige i Saol na Gaeilge"




Thuas: Éamon Ó Cuív TD, An tAthair Micheál Mac Gréil, Cathaoirleach Feachtas Seán Ó hAdhmaill agus Comhairleoir Cathrach BÁC Críona Ní Dhálaigh ag óráid an Athar Mícheál Mac Gréil an tseachtain seo caite ar "Tábhacht na hOibre Óige i Saol na Gaeilge".


Is leis na Bráithre Críostaí i gCathair na Mart a shaothraigh Mac Gréil a mheánoideachas. Chaith sé na caogaidí ar seirbhís mar dhalta agus mar oifigeach leis na fórsaí cosanta.
Rinne sé staidéar ar an bhfealsúnacht, ar an socheolaíocht agus ar an Diagacht i Louvain, Ollscoil Stáit Kent, i bPáirc an Mhuilinn agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé PhD i Socheolaíocht amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i 1976 agus bhí sé ag feidhmiú i measc na gcaipíní eile a chaith sé, mar léachtóir i Socheolaíocht i Maigh Nuad idir 1971 go dtí 1996.

Thar na blianta tá an tAthair Mac Gréil tar éis saothair shuntasacha oibre a fhoilsiú ar leas fhorbairt na tuisceana sa tsochaí, ina measc, a gcuid taighde ar dhearcaí i leith an iolrachas agus an éagsúlacht, i leith an Lucht Siúil agus i leith na Gaeilge.
Ach is i réimse an obair óige agus a thábhacht a bheidh aitheasc an oíche anocht (an 17ú Deireadh Fómhair) ón Athair Mícheál Mac Gréil dírithe.
Cuimsítear san óráid seo dearcadh Mhic Gréil féin tar éis dó an 30 bliain deireanach a chaitheamh ag obair go deonach sa earnáil óige agus i mí Márta na bliana seo bhronn Feachtas dealbh comórtha air mar cheiliúradh ar an obair luachmhar seo.

 

Friday 12 October 2012

Scléip na hÓige 2012


Beidh Scléip na hÓige 2012 ar siúl i mbliana ó Dé Máirt an 30ú Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine an 2ú Samhain i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Tá réimse leathan imeachtaí eagraithe do lucht óg na Gaeilge agus cruinneoidh na céadta Gaeilgeoirí óga ó fud fad na tíre le chéile do mhórimeacht na Gaeilge i gCo. Dhún na nGall.

Is imeacht speisialta é Scéip na hÓige a bhíonn ar siúl gach bliain go háirithe do lucht na Gaeilge agus atá mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge a dhíríonn ar an aos óg. Eagrófar imeachtaí éagsúla ar nós Dioscó, Ceolchoirm, Comórtais spóirt, Tráth na gCeist, Paráid agus imeachtaí eile go léir trí mheán na Gaeilge.
 

Tá costas €150 an duine ar Scléip na hÓige agus clúdófar lóistín, taisteal, bia agus an clár imeachtaí ar fad le linn an imeachta. Is do Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois an t-imeacht seo agus iarrtar ar dhaltaí tréaniarracht a dhéanamh a gcuid Gaeilge a úsáid an t-am ar fad.
Má tá aon cheisteanna agat faoin deireadh seachtaine nó má tá foirm iarratais uait ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag 01 6725940 nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig ursula.feachtas@gmail.com.


Thursday 11 October 2012

Oráid an Athar Mícheál Mac Gréil


Beidh an tAthair Mícheál Mac Gréil ag tabhairt oráide Dé Céadaoin, an 17ú Deireadh Fómhair, ag a 6.00i.n. ar 'Tábhacht na hOibre Óige i saol na Gaeilge' i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara.
Má tá spéis agat freastal ar an ocáid seo déan teagmháil le Ursula Ní Shionnain trí ríomhphost a sheoladh chuig ursula.feachtas@gmail.com nó cuir scairt ar 01 6725940.

Cuirfear bia agus soláistí ar fáil ar an oíche.