Imeachtaí Feachtas


An Cúrsa Ceannaireachta
Reachtáileann Feachtas Cúrsa Ceannaireachta fud fad na tíre chun scileanna ceannaireachta a mhúineadh do Ghaeilgeoirí óga na hidirbhliana atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta. Is iad aidhmeanna an Chúrsa Ceannaireachta ná chun:

•Ceannairí Óga a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina bpobail féin
•Oiliúint ar chur ar dhaltaí maidir leis na sainscileanna a bhaineann le ceannaireacht
•Chun léargas a thabhairt don dalta ar an tábhacht agus fiúntas a bhaineann le pleanáil agus conas tabhairt faoi phleanáil éifeachtach
•Chun léargas a thabhairt don dalta ar na céimeanna a bhaineann le hathbheochan teanga agus ar chéimeanna praiticiúla chun an Ghaeilge a athbheochan sa phobal.



San iomlán bíonn sé uair a chlog i gceist leis an gCúrsa Ceannaireachta agus déantar é thar ceithre seachtaine. Fáilteofar roimh iarratais ó Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta a bhfuil suim acu sa chúrsa.


Scléip na hÓige
Is cuid d’Oireachtas na Gaeilge é Scléip na hÓige a eagraítear go speisialta do Ghaeilgeoirí óga. Tagann óg-eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le Gaeilgeoirí óga aonaracha ó gach cearn den tír chun bualadh le Gaeilgeoirí óga eile agus chun céiliúradh


a dhéanamh ar an nGaeilge. Cuirtear clár imeachtaí le chéile don tseachtain ina mbíonn imeachtaí spóirt agus ceoil, dioscó, díospóireacht agus imeachtaí eile go léir eagraithe trí Ghaeilge. Tógann foireann Feachtas dream ó Bhaile Átha Cliath chuig Scléip na hÓige gach bliain agus glacann muid páirt ghníomhach in imeachtaí na Scléipe. 


Agallaimh na bhFáinní
Gach bliain taistealaíonn foireann Feachtas chuig scoileanna éagsúla fud na tíre chun Agallamh na bhFáinní a reachtáil le linn Sheachtain na Gaeilge. Cuirtear agallamh deich nóiméad ar an dalta chun a líofacht sa Ghaeilge a mheas agus bronntar fáinne ór nó airgead orthu ag braith ar an gcaighdeán  Gaeilge.


Is agallaimh neamhfhoirmeálta iad Agallaimh na bhFáinní a reachtáiltear chun bród a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga maidir leis an iarracht a dhéanann siad chun ardchaighdeán a bhaint amach sa teanga agus chun cleachtadh a thabhairt dóibh ar dhul i mbun cómhrá Gaeilge. Bíonn táille bheag i gceist do gach dalta chun costais a chlúdach. Fáilteofar roimh iarratais ó Mhí Eanáir ar aghaidh.


An Cúrsa Eachtraíochta
Le linn laethanta saoire na Cásca freastalaíonn baill Feachtas ar Chúrsa Eachtraíochta sa Chairlinn, áit a eagraítear imeachtaí ar thalamh agus ar uisce do Ghaeilgeoirí óga.


Is trí mheán na Gaeilge a stiúirítear an cúrsa seo chun béim a chur ar úsáid shóisialta na Gaeilge taobh amuigh den scoil agus chun seachtain spraoiúl a eagrú do lucht óg na Gaeilge. Is cúrsa taitneamhach agus spreagthach é a theagascaíonn ardscileanna spóirt uisce agus talaimh don duine óg chomh maith le grá don teanga.


An Turas Teanga
Eagraíonn Feachtas an  Turas Teanga i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath do dhaltaí Gaelscoile i rith na scoilbhliana. Tugann na daltaí cuairt ar ionaid agus ar institiúidí lán-Ghaeilge atá ar fáil sna príomhchathracha chun blaiseadh a thabhairt dóibh ar an méad Gaeilge atá le cloisint sna cathracha agus chun an deis a thabhairt dóibh bualadh leo siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge.


Cuireann na daltaí aithne orthu siúd atá mar chuid de mhórphobal na Gaeilge chomh maith. Tugtar cuairt ar an gCultúrlann i mBéal Feirste, ar Chonradh na Gaeilge agus ar Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar na hionaid Ghaeilge eile atá le feiceáil sna príomhchathracha. Cuirtear lón ar fáil i rith an turais freisin. Déan teagmháil linn inniu chun clárú don Turas Teanga.


An Gael-Fachtóir
Reachtáileann Feachtas an “Gael-Fachtóir” le linn Sheachtain na Gaeilge gach bliain. Tugtar cuireadh do Ghaeilgeoirí óga ó fud fad na tíre páirt a ghlacadh sa chomórtas seo chun €300 a bhuachaint mar chéad duais.  Fáiltítear roimh aon ghníomh ar leith; amhránaíocht, damhsa, drámaíocht, cleasaíocht, srl.


Bíonn an “Gael-Fachtóir ar siúl i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le linn Mhí an Mhárta. Bíonn suim mhór airgid ar fáil don dara agus don tríú duais chomh maith!
Chun clárú don chomórtas seo nó chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le hoifig Feachtas.


Cóisir na Nollag
Eagraíonn Feachtas Cóisir na Nollag roimh an Nollaig gach bliain dá bhaill chun teacht le chéile a eagrú do na Gaeilgeoirí óga go léir a ghlacann páirt in imeachtaí Feachtas le linn na bliana. Téann na baill ag sciáil nó ag scátáil ar leac oighear don lá agus téann gach duine i gcomhair lóin chomh maith.


Anuraidh, chuaigh baill Feachtas ag sciáil i gCill Tiarnáin. Cuireadh ceachtanna sciála ar fáil do na tosaitheoirí sa ghrúpa agus d'úsáid na sciálaithe a bhí níos muiníní agus níos cleachtaithe an fána dóibh siúd a bhí ina saineolaithe ar an spórt! Chun páirt a ghlacadh i gCóisir na Nollag i mbliana, coinnigh súil ar an mblag chun eolas a fháil ar an imeacht.


Tráth na gCeist
Reáchtáileann Feachtas Tráth na gCeist fud fad na tíre gach Geimhreadh. Tosaíonn an comórtas idir-scoile seo ag deireadh Mhí na Samhna agus críochnaíonn an comórtas i Mí Feabhra leis an gCraobh Mór i mBaile Átha Cliath.


Glacann na céadta foirne páirt i gComórtas Thráth na gCeist gach bliain agus bíonn duaiseanna iontacha le buachaint gach bliain. Chun do scoil a chlárú do Thráth na gCeist don bhliain seo, téigh i dteagmháil foireann Feachtas i Mí na Samhna.


Más mian leat imeacht ar leith a eagrú do Ghaeilgeoirí óga nó go n-eagródh Feachtas imeacht, déan teagmháil linn! Ba bhreá linn do chuid moltaí a chloisint!

No comments:

Post a Comment