Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge i mbun próisis chomhairliúcháin faoi láthair le daoine óga atá ag freastal ar mheánscoileanna Gaeilge. Ba mhaith linne do thuairimí a fháil ar cad atá ag teastáil ó lucht óg na Gaeilge i dtaobh imeachtaí trí mheán na Gaeilge. Tá do chomhairle ag teastáil!
Má tá suim ag do scoil páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin seo déan teagmháil le Ursula trí ríomhphost a sheoladh chuig ursula.feachtas@gmail.com
Imeachtaí na scoilbhliana 2012/2013:
An Cúrsa Ceannaireachta
Reachtáileann Feachtas an Cúrsa Ceannaireachta fud fad na tíre chun scileanna ceannaireachta a theagasc do Ghaeilgeoirí óga na hidirbhliana atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta. Is iad aidhmeanna an Chúrsa Ceannaireachta ná chun:
•Ceannairí Óga a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina bpobail féin
•Oiliúint ar chur ar dhaltaí maidir leis na sainscileanna a bhaineann le ceannaireacht
San iomlán bíonn sé uair a chlog i gceist leis an gCúrsa Ceannaireachta agus reáchtáiltear é thar ceithre seachtaine. Fáilteofar roimh iarratais ó Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta a bhfuil suim acu sa chúrsa.
An Cúrsa Feasachta Teanga
An Fáinne
Reáchtáiltear an t-imeacht seo le linn Mhí an Mhárta agus fáiltítear roimh iarratais ó Ghaelscoileanna agus scoileanna Béarla.
An Cúrsa Eachtraíochta
Le linn laethanta saoire na Cásca freastalaíonn baill Feachtas ar Chúrsa Eachtraíochta sa Chairlinn, áit a eagraítear imeachtaí ar thalamh agus ar uisce do Ghaeilgeoirí óga. Is trí mheán na Gaeilge a stiúirítear an cúrsa seo chun béim a chur ar úsáid shóisialta na Gaeilge taobh amuigh den scoil agus chun seachtain spraoiúl a eagrú do lucht óg na Gaeilge. Is cúrsa taitneamhach agus spreagthach é a theagascaíonn ardscileanna spóirt uisce agus talaimh don duine óg. Ní mór do rannpháirtithe an chúrsa seo ardchaighdeán sa Ghaeilge a bheith acu. Is trí Ghaeilge amháin a reáchtáiltear an cúrsa seo. Tá an cúrsa seo páirt-mhaointhe ag Feachtas.
Is cuid d’Oireachtas na Gaeilge é Scléip na hÓige a eagraítear go speisialta do Ghaeilgeoirí óga. Tagann óg-eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le Gaeilgeoirí óga aonaracha ó gach cearn den tír chun bualadh le Gaeilgeoirí óga eile agus chun céiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge. Cuirtear clár imeachtaí le chéile don tseachtain ina mbíonn imeachtaí spóirt agus ceoil, dioscó, díospóireacht agus imeachtaí eile go léir eagraithe trí Ghaeilge. Tógann foireann Feachtas dream ó Bhaile Átha Cliath chuig Scléip na hÓige gach bliain agus glacann muid páirt ghníomhach in imeachtaí na Scléipe. I mbliana reáchtáilfear Scléip na hÓige i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ón 30ú Deireadh Fómhair go dtí an 2ú Samhain.
An Turas Teanga
Eagraíonn Feachtas an Turas Teanga i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath do dhaltaí Gaelscoile i rith na scoilbhliana. Tugann na daltaí cuairt ar ionaid agus ar institiúidí lán-Ghaeilge atá ar fáil sna príomhchathracha chun blaiseadh a thabhairt dóibh ar an méad Gaeilge atá le cloisint sna cathracha agus chun an deis a thabhairt dóibh bualadh leo siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge. Cuireann na daltaí aithne orthu siúd atá mar chuid de mhórphobal na Gaeilge chomh maith. Tugtar cuairt ar an gCultúrlann i mBéal Feirste, ar Chonradh na Gaeilge agus ar Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar na hionaid Ghaeilge eile atá le feiceáil sna príomhchathracha. Déan teagmháil linn inniu chun clárú don Turas Teanga.
An Gael-Fachtóir—Seó Talainne Feachtas
Chun clárú don chomórtas seo nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hoifig Feachtas.
Má tá spéis agat nó ag do rang aon imeacht a eagrú trí mheán na Gaeilge, déan teagmháil linn agus cabhróidh muid libh. Ba bhreá linn do chuid smaoineamh féin a chloisteáil agus tacaíocht a thabhairt duit in úsáid shóisialta na Gaeilge a chur chun cinn.
No comments:
Post a Comment