Friday 12 October 2012

Scléip na hÓige 2012


Beidh Scléip na hÓige 2012 ar siúl i mbliana ó Dé Máirt an 30ú Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine an 2ú Samhain i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Tá réimse leathan imeachtaí eagraithe do lucht óg na Gaeilge agus cruinneoidh na céadta Gaeilgeoirí óga ó fud fad na tíre le chéile do mhórimeacht na Gaeilge i gCo. Dhún na nGall.

Is imeacht speisialta é Scéip na hÓige a bhíonn ar siúl gach bliain go háirithe do lucht na Gaeilge agus atá mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge a dhíríonn ar an aos óg. Eagrófar imeachtaí éagsúla ar nós Dioscó, Ceolchoirm, Comórtais spóirt, Tráth na gCeist, Paráid agus imeachtaí eile go léir trí mheán na Gaeilge.
 

Tá costas €150 an duine ar Scléip na hÓige agus clúdófar lóistín, taisteal, bia agus an clár imeachtaí ar fad le linn an imeachta. Is do Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois an t-imeacht seo agus iarrtar ar dhaltaí tréaniarracht a dhéanamh a gcuid Gaeilge a úsáid an t-am ar fad.
Má tá aon cheisteanna agat faoin deireadh seachtaine nó má tá foirm iarratais uait ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag 01 6725940 nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig ursula.feachtas@gmail.com.


No comments:

Post a Comment